Tuarascáil Speisialta 75 – Ollscoileanna Éireannacha – Bainistiú Acmhainní agus Feidhmíochta
Foilsithe an 17 Meán Fómhair 2010
Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar Bhainistíocht Acmhainní agus Feidhmíocht i seacht gcinn d’ollscoileanna Éireannacha faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna. Rinneadh luacháil sa scrúdú ar mhéid agus cineál an mhaoinithe a chuirtear ar fáil d’ollscoileanna agus rinneadh measúnú ar na caidrimh idir iniúchóirí ollscoileanna. Rinneadh plé chomh maith ar an gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht agus bainistiú faisnéise chun torthaí a fheabhsú, agus ar na socruithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na dtorthaí. Rinneadh athbhreithniú ar na nósanna imeachta i leith luach saothair, lena n-áirítear liúntais agus leasanna eile a íoc, in éineacht le bainistiú ar obair sheachtrach ag dhá cheann d’ollscoileanna, agus rinneadh achoimre ar an ngnás go ndámhtar blianta breise nuair atá teidlíochtaí pinsin fostaithe ollscoile á ríomh.